Fáilte!
Fáilte go dtínár suíomh idirlín a chuireann eolas ar fáil faoi Cheantar Abhantraí Idirnáisiúnta an Iarthuaiscirt agus Tionscnamh NS SHARE. Cuirfimid tuairiscí tionscnaimh agus léarscáileanna idirghníomhacha ar fáil anseo ionas go dtig leis an chuairteoir teacht ar eolas faoina cheantar féin agus faoi chur i gcrích an Chreat-Treoir Uisce.
Tá an tionscnamh seo urraithe ag Clár INTERREG IIIA an AE d'Éirinn/Tuaisceart Éireann.
Maidir le Réigiún an Iarthuaiscirt
Clúdaíónn Ceantar Abhantraí an Iarthuaiscirt cúinne thiar thuaidh oileán na hÉireann, ach síneann sé soir ó dheas píosa fada ag tógáíl isteach cuid mhór den chrios droimníní fosta. I measc na naibhneacha agus locha is mó áirítear Córas na hÉirne, ar a ngnítear báideóireacht agus a chothaíonn go leor turasóireachta maille le roinnt ghiniúna hidrileictrí, agus Abhainn na Finne agus an Fheabhail a ngníonn dísciú ar riar mór sléíbhte Dhún na nGall agus na Speiriní. Cuid tabhachtach den cheantar is ea slatiascach agus iascaireacht mara, agus tá an port iascaireachta is mó sa tír ag na Cealla Beaga ar chósta Dhún na nGall. Tá na limistéir mhóra talmhaíochta ar fud an cheantair á gcothú ag uisce fosta, agus tráth dá raibh bhí ról tábhachtach ag uisce i dtionscal an chadáís.
Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí an Iarthuaiscirt
Ceann de thrí Cheantar Abhantraí (CA-anna) is ea Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí an Iarthuaiscirt atá curtha le chéile in aon tionscnamh amháin, NS SHARE (nod do 'Acmhainní Uisce roinnte Thuaidh Theas'). Tá an tionscnamh seo urraithe ag Clár INTERREG IIIA an AE d'Éirinn/Tuaisceart Éireann. Bunaíodh é le spriocanna an Chreat-Treoir Uisce a chur i gcrích sa réigiún. Tá an Treoir seo ar an phíosa reachtaíochta ón Aontas Eorpach is téagartha agus is nuálaíoch ar uisce go nige seo. Leagann sí amach creat mionchruinn do chosaint, feabhsú agus úsáid inbhuanaithe ár n-uisce.
Aon tuairim nó dearcadh a nochtaítear ar an suíomh seo is le Tionscnamh NS Share amháin iad, agus ní bhaineann siad le polasaí aon rialtas.








