Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

Tuilleadh Eolais faoin gCreat-Treoir Uisce

Ar an 22ú Nollaig 2000, ritheadh píosa nua reachtaíochta san Aontas Eorpach (AE), an Chreat-Treoir Uisce (CTU). Tá seo ar an bpíosa is tábhachtaí reachtaíochta faoi chaighdeán uisce a h-eisíodh ag an AE le scór bliain anuas, agus athróidh sé as cuimse an bealach a ndéanfaimid bainistiú ar cheann de na h-acmhainní is tábhachtaí dá bhfuil againn.

Go nige seo, bhí reachtaíocht na hEorpa ar uisce ag iarraidh leasa áirithe an chomhshaol uisce a chosaint ó thionchair thruaillithe agus a chosaint ó ábhair cheimiceacha chontúirteacha. Beireann an CTU go leor de na spriocanna seo ar aghaidh. Thairis sin, tugann sí spriocanna breise eiceolaíocha isteach atá níos leithne, agus ceaptha chun struchtúir agus feidhm na n-éiceachóras uiscí a chosaint agus, má's gá, a athbhunú.

Cruthaíonn an Treoir cur chuige úr, cuimsitheach do chosaint, fheabhsú agus úsáid ionbhuanaithe aibhneacha, locha, inbhir, farraigí agus uisce talún ar fud na hEorpa. Tá tionchar aici ar bhainistíocht chaighdeán an uisce agus acmhainní uisce, agus téann sí i gcion ar caomhnuú, iascaireacht, cosaint ar tuilte, pleanáil agus faireachán timpeallachta. Cuireann sí d'iachall orainn smacht a choinneáil ar gach éifeacht - fisiciúil, truaillitheach nó eile - ar ár n-acmhainní uisce.

Tá téarmaíocht in úsáid sna leathanaigh seo bunaithe ar fhoclaíocht na Treorach, a bhfuil ina doiciméad dlí. Cúis amháin atá lena leithéid de théamaíocht ná comhchuibheas a chinntiú idir na ballstáit ina gcuid tuairiscí. Tá roinnt de na téarmaí úrnua agus cuid eile nach bhfuil mórán taithí againn orthu, mar shampla, inbhir (estuaries) á n-ainmiú mar uiscí eatramhacha (transitional waters).

Is é príomhchuspóir na Treorach stádas éiceolaíoch 'maith' a bhaint amach d'uiscí uile um 2015.

Déanann an Treoir:

  • Meastóireacht ar raon iomlán an chomhshaol uisce, ó "fhoinse go farraige" i.s. uisce talún, aibhneacha, locha, inbhir, agus farraigí gar don gcladach.
  • Meastóireacht ar an tionchar ar bhogaigh ó bhainistiú chaighdeán agus toirt an uisce.
  • Spriocanna timpeallachta a leagan amach, a chuireann san áireamh raon iomlán na mbrúnna ar an gcomhshaol uisce (truailliú, astógálacha, smacht/aistriú ar sní agus tionchar ar gnáthóga). Leagtar an bhéim ar cháilíochtaí éiceolaíocha.
  • Stádas éiceolaíoch a roinnt i gcúig ranganna (ard, maith, measartha, olc agus dona) bunaithe ar tomhais eilimintí bitheolaíocha, eilimintí hidreamhoirfeolaíocha agus fisiceimiceacha. I measc na n-eilimintí bitheolaíocha a ndeintear tomhas orthu tá an flora uisce (plandaí), inveirteabracha grinnill (ainmhithe beaga a mhaireann ar ghrineall aibhneacha, locha agus farraigí cois chósta) agus éisc.
  • úsáid ionbhuanaithe uisce a chur chun cinn.
  • Córas pleanála, bainistíochta agus tuairiscithe a shainiú, bunaithe ar Cheantair Abhantraí agus Cheantair Idirnáisiúnta Abhantraí. Tá siad seo bunaithe ar abhantracha mhóra, nó cónasc d'abhantracha níos lú in aice láimhe, agus iomlán na n-aibhneacha, locha, inbhir, farraigí agus uisce talún a ghabhann leo.
  • Rannpháirtíocht sóisialta agus trédhearcacht a thabhairt isteach. Tá ar na Ballstáit dul i gcomhairle leis an oiread dreamanna gur féidir (m.sh. páirtithe leasmhara, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, úsáidirí uisce agus grúpaí timpeallachta) maidir le dréachtú, plé agus leasú Pleananna Bhainistíocht Abhantraí.

Comhbhaint an Chreat-Treoir Uisce le Reachtaíocht Eile

As siocair nádúir fhairsing na Treorach, glacfaidh sí ionad roinnt des na treoracha eile ar chaighdeán uisce (mar shampla, iad siúd faoi Astógálacha Uisce Dromchla, Iascaireacht Fíoruisce agus Uisce Sliog-éisc) agus déanfaidh cur i ngníomh cuid eile acu (mar shampla, Treoracha ar Cosc agus Smacht Iomlánaithe ar Truailliú, ar Chóiriú Dramhuisce Uirbigh, ar Gnáthóga agus ar Níotráití) cuid de na "bearta bunúsacha" don Chreat-Treoir Uisce.

Cur chuige úr an Chreat-Treoir Uisce

Dearbhaíonn an Treoir go mbunófar bainistiú chaighdeán an uisce ar abhantracha, gur limistéir nádúrtha talún sa tírdhreach iad. Ní h-ionann é seo do chórais bhainistíochta eile a úsáídeann aonaid riaracháin bhainistíochta go bhfuil críocha fánacha ag baint leo.

Cuirfear bainistiú na n-abhantrach seo i gcrích trí phleananna bainistíochta, le plean ar leith do gach Ceantar Abhantraí. Caithfear "Tuairiscí Sonraithe" a bheith ann do gach Ceantar Abhantraí. Tugann na tuairiscí léargas ar gach abhantrach, brúnna agus tionchair daonna san áireamh. Tá gá leis an dtuairisc le go n-oibreofar amach an gcuirfidh siad seo isteach ar ghnóthú stádais mhaith.

Tá an measúnú eolaíoch a ndeintear ar an abhantrach sa Tuairisc Shonraithe, riachtanach chun "Clár na mBeart" a chur i dtoll a chéile. Is éard atá i gClár na mBeart ná polasaithe agus straitéis, mar cláir fhaireacháin, atá ceaptha le contúirt do na h-aonaid uisce a laghdú agus ligint dóibh stádas maith a ghnóthú.

Tig leat an Chreat-Treoir Uisce (The EU Water Framework Directive(2000/60/EC) a íoslódáil anseo.

ar ais go barr
Píopa chur thar maoil tobair Image of a pond Trá